Ag Tógáil don Todhchaí.
Tógtha le neart. Críochnaithe i gceart.
Granite, aggregates, Plant Hire & Groundworks in Galway.
Eibhear, greanmheallta, INNEALLRA ar cíos agus oibreacha talún i nGaillimh.
Ó Bhallaí Cosanta Mara go Páirceanna Peile
Ar an 26 Deireadh Fómhair 1942, a saolaíodh Máirtín Tim Shéamuis Mhicil Ó Flatharta i mBaile an tSléibhe sa Spidéal.
Fearacht go leor dá chomhaoiseanna ní raibh de rogha ag Mháirtín Tim ach aghaidh a thabhairt ar an mBád Bán agus ar Shasana.
Thosaigh sé ag obair do William Press & Son ag cur síos píopaí gas i Norwich. Ní raibh sé i bhfad go raibh a chrew fhéin aige.
Ar fhilleadh dó abhaile i dtús na 1970idí, thosaigh sé Máirtín Ó Flatharta Teo. Tá rian a láimhe i mbeagnach gach áit timpeall an cheantair. Is ó charraig a tógadh as cairéal leis a gearradh Ardchrois Chill Éinde. Is le stuaim agus neart a láimhe a thóg sé ballaí cosanta le trá agus le cladach mar chosaint ar chruatan na farraige.
Duine ar bith a bhíonn ag siúl cois cladaigh sa Spidéal, is de bhuíochas saothar Mháirtín Tim agus a chomhlacht atá an bealach ar chúl an chlochair ann anois. Nuair a theip ar chomhlacht mór as Bleá Cliath scéim uisce a chur i bhfeidhm, ba é tuiscint ar an gcloch eibhir, dúthracht agus díograis Mháirtín Tim a thug an togra chun críche.
Nuair a bhí an pháirc peile á tógáil ag Coláiste Chonnacht, bhí roinnt díospóireachta ar an mbaile maidir leis an suíomh. Dúshlán a bhí sa gcarraig mhór a bhí ar an taobh thoir den pháirc. Roghnaíodh Máirtín Tim leis an obair a dhéanamh agus nach é a bhí bródúil as an bpáirc bhreá peile a bhí mar thoradh ar a chuid oibre? Nach iomaí cluiche a himríodh uirthi le dhá scór bliain anuas — Comórtas Náisiúnta Peile na Gaeltachta san áireamh.
Innealtóireacht shibhialta, gléasra ar cíos, réiteach talún, cairéalú etc. Is iad a chlann atá i mbun an chomhlachta anois .